Do thuairisceáin CTCC a thíolacadh
Oibleagáidí maidir le taifid a choinneáil
Déanfaidh an duine dliteanach taifid a choinneáil le cinntiú go bhfuil an Cháin Talún Cónaí-Chriosaithe (CTCC) a íocadh a bhaineann lena dtuairisceán a tíolacadh ceart.
D'fhéadfadh leabhair, cuntais agus doiciméid a bhaineann leis na nithe seo a leanas a bheith san áireamh sna taifid sin, ach gan a bheith teoranta dóibh:
- fógra um thosach feidhme, deimhniú comhlíontachta ar chríochnú, iarratas pleanála agus cead pleanála de réir mar a bhaineann siad le láithreán ábhartha
- luacháil ar láithreán ábhartha, nó cuid de, ar an dáta luachála nó ar an dáta sonraithe eile
- aon éileamh ar dhíolúine, laghdú nó iarchur CTCC
- ceannach ní díol láithreáin ábhartha ag an duine dliteanach
- fianaise ar theideal do láithreán an duine dhliteanaigh.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar d'oibleagáidí maidir le taifid a choinneáil, féach an Lámhleabhar Cánach agus Dleachta Guidance on the Residential Zoned Land Tax.
An fad ama atá taifid le coinneáil
Ní mór na taifid a choinneáil ar feadh tréimhse sé bliana:
- a thosaíonn ó dheireadh na bliana ina dtíolactar an tuairisceán
- agus
- an bhliain lena mbaineann na taifid.
Má loictear aon taifid a bhaineann le CTCC a choinneáil, gearrfar pionós €3,000.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an bhfad ama is gá taifid a choinneáil, féach an Lámhleabhar Cánach agus Dleachta Guidance on the Residential Zoned Land Tax.