Do thuairisceáin CTCC a thíolacadh

Faisnéis atá ag teastáil le haghaidh tuairisceán CTCC

Ní mór don duine dliteanach ar an 1 Feabhra 2025 tuairisceán CTCC a thíolacadh dá láithreán ábhartha leis na Coimisinéirí Ioncaim ar an 23 Bealtaine 2025 nó roimhe. Is iondúil gurb é an duine dliteanach úinéir an 'láithreáin ábhartha'.

D'fhéadfadh níos mó ná duine dliteanach amháin a bheith i gceist do láithreán ábhartha. Ní mór don 'duine dliteanach ainmnithe' faisnéis a sholáthar do gach duine atá faoi dhliteanas maidir leis an láithreán.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar thuairisceán CTCC a thíolacadh, féach an Lámhleabhar Cánach agus Dleachta Guidance on the Residential Zoned Land Tax.

Ar aghaidh: Cén chaoi a d'fhéadfadh tionchar a bheith ag cúinsí áirithe ar an méid CTCC atá dlite