Aisíocaíocht Dleachta Stampa i leith aonad cónaithe áirithe (S83DB)

Coinníollacha cáilitheacha

Chun cáiliú, ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Ní mór tuairisceán Dleachta Stampa a bheith tíolactha agat maidir le maoin chónaithe.
  • Ní mór duit an ráta dleachta 10% a bheith íoctha ina iomláine.
  • agus
  • Deimhniú Stampa a bheith eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Nuair a chomhlíontar na coinníollacha thuas, ní mór ceann de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  1. Léasanna tithíochta sóisialta – taobh istigh de 24 mhí ón bhfáil, déantar léas le húdarás áitiúil nó le Comhlacht Tithíochta Ceadaithe chun críocha tithíochta sóisialta. Ní cháilíonn ach léasanna nua agus ní mór don léas a bheith ar feadh íostéarma deich mbliana.

  2. Teaghais ar cíos de réir costais – laistigh de shé mhí ón bhfáil, ainmnítear an mhaoin mar teaghais ar cíos de réir costais. Deonaítear an t-ainmniú faoi Chuid 3 den Acht um Thithíocht Inacmhainne, 2021.
  3. Ionaid ainmnithe – laistigh de 18 mí ón bhfáil, tá an mhaoin cláraithe mar ionad ainmnithe. Deonaítear an t-ainmniú faoi Chuid 8 den Acht Sláinte 2007.
  4. Ionaid chónaithe leanaí – laistigh de 18 mí ón am a fhaightear í, tá an mhaoin cláraithe mar ionad cónaithe do leanaí. Deonaítear an t-ainmniú faoi Chuid 8 den Acht um Chúram Leanaí 1991.

Ar aghaidh: Cén chaoi a ndéantar éileamh?