An Scéim Tacaíochta um Atosú Gnó (STAG)

Gnóthaí incháilithe

Bhí an Scéim Tacaíochta um Atosú Gnó (STAG) ar fáil do gnóthaí incháilithe a leanann ar aghaidh ag trádáil nó le gníomhaíochtaí trádála. Bhí na nithe a leanas san áireamh leis seo:

  • cuideachtaí
  • trádálaithe aonair, nó daoine aonair féinfhostaithe
  • comhpháirtíochtaí
  • carthanais*
  • comhlacht ceadaithe spóirt* 

*Bhí STAG ar fáil i ndáil le trádáil a dhéantar a bheadh inmhuirir ó thaobh cánach de, ach le haghaidh Ioncam atá ar fáil agus díolúintí Cáin Chorparáide.

Céard ba gnó incháilithe ann?

Chun bheith incháilithe le haghaidh STAG:

  • níor mór do bhrabúis na trádála, nó do ghníomhaíocht trádála, an ghnó bheith inmhuirir i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D
  • níor mór go raibh imréiteach cánach bailí ag an ngnó agus é a choinneáil ar feadh an tréimhse iarratas. 

Tabhair do d’aire

Níor mór do ghnóthaí a chinntiú go raibh deimhniú imréitigh cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim acu chun bheith incháilithe don STAG. Bhí dies agat stádas reatha d’imréitigh cánach a sheiceáil trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).Mura raibh imréiteach cánach reatha agat, bhí deis agat iarratas a dhéanamh tríd an tseirbhís ríomh-Imréiteach Cánach a úsáid.

Ar aghaidh: Critéar incháilitheachta