An Scéim Tacaíochta um Atosú Gnó (STAG)

Rátaí na scéime

Ríomhadh an íocaíocht Réamhchreidmheas i leith Costais Trádála (RCCT) mar trí oiread suim:

  • 10% de mhéan-láimhdeachas seachtainiúil den tréimhse tagartha suas go €20,000
  • agus
  • 5% den chuid den mhéan-láimhdeachas seachtainiúil den tréimhse tagartha atá níos mó ná €20,000.

Bhí an íocaíocht RCCT faoi réir na hÍocaíochta uasta de €15,000.

Foilsiú

D'fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim liosta de ghnóthaí a bhain leas as an Scéim Tacaíochta um Atosú Gnó (STAG).

Bhí an áis chun clárú agus chun éileamh a dhéanamh ar fáil ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Cláraigh le haghaidh STAG agus í a éileamh

Bhí próiseas dhá chéim riachtanach le héileamh a dhéanamh faoi STAG. Níor mór don ghnó incháilithe:

  • cláraigh le haghaidh STAG ar ROS
  • agus
  • éileamh i leith suim RCCT a chomhlánú.

Critéir cláraithe STAG

Chun clárú le haghaidh STAG ar ROS, níor mór do do ghnó incháilithe:

  • dearbhú a dhéanamh go gcomhlíonann an gnó critéir cháilitheachta na scéime
  • imréiteach cánach a bheith aige
  • agus
  • eolas áirithe i ndáil le gníomhaíocht an ghnó agus sonraí an láimhdeachais roimhe seo a chur ar fáil.

Níor gá doiciméid tacaíochta a thíolacadh leis an éileamh. Féadfaidh sé go n-iarrfaidh muid doiciméid a chur ar fáil leis an éileamh a bhailíochtú ag dáta níos déanaí. Tá mioneolas ar éileamh a dhéanamh ar fáil in BRSS guidelines.

Seiceálacha comhlíontachta

Ní mór go dtiocfaidh sonraí an láimhdeachais a chuirtear ar fáil don chlárúchán leis an bhfaisnéis a áirítear i leabhair agus taifid do ghnó. Déanfar é seo a bhailíochtú in aghaidh na faisnéise atá ag na Coimisinéirí Ioncaim cheana, tuairisceáin cánach chuí san áireamh.

Ar aghaidh: Gnóthaí incháilithe