Liachleachtóirí atá ag feidhmiú i gcomhpháirtíocht

Léargas ginearálta

Is duine inmhuirir é Cleachtóir Ginearálta (GP) sa chás go bhfuil aon cheann de na conarthaí seo a leanas aige nó aici le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS):

  • Conradh na Seirbhísí Míochaine Ginearálta (GMS)
  • conarthaí seirbhísí cúntacha eile. 

Ba chóir do dhochtúirí ginearálta an t-ioncam sin a thuairisciú faoin gcóras féinmheasúnaithe. Is éard is dochtúir ginearálta ann ná an duine sonraithe chun críocha  Cánach Iarchoimeádta ar Sheirbhísí Gairmiúla (CISG). Tá dochtúir ginearálta i dteideal creidmheas a éileamh i leith CISG asbhainte ag FSS ar na híocaíochtaí seo.

Féadtar déileáil le hioncam ó sholáthar seirbhísí míochaine mar ioncam de chuid na comhpháirtíochta chun críocha Cánach Ioncaim sa chás go bhfuil an méid seo a leanas ag dochtúir ginearálta:

  • conarthaí déanta le FSS chun seirbhísí míochaine áirithe a sholáthar
  • agus
  • déantar na seirbhísí seo i gcomhthéacs comhpháirtíochta le dochtúirí ginearálta aonair eile. 

Tá an chóireáil chánach seo ar fáil faoi alt 1008A den Acht Comhdhlúite Cánacha (ACC) 1997. Chun leas a bhaint as an gcóireáil chánach seo, ní mór don dochtúir ginearálta cuí agus don chomhpháirtíocht leighis roghnú comhpháirtíocht a dhéanamh do na Coimisinéirí Ioncaim.

Ina theannta sin, féadfaidh an chomhpháirtíocht leighis creidmheasanna CISG a éileamh nuair a dhéantar roghnú chompháirtíocht. Ní mór don chomhpháirtí dochtúirí ghinearálta leis an gconradh FSS uimhir chánach na comhpháirtíochta leighis a chur ar fáil do FSS. Tá sé seo riachtanach chun CISG a fheidhmiú i gceart.

Ar aghaidh: Cén chaoi le cáiliú don chóireáil chánach seo