Faoiseamh cánach le haghaidh cuideachtaí nua-thionscanta

An bhféadtar faoiseamh cánach a éileamh i leith do chuideachta nuathionscanta?

Féadfar iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach ó Cháin Chorparáide (CC), má tá an méid seo a leanas i gceist le do chuideachta nua-thionscanta:

  • gur corpraíodh í ar 14 Deireadh Fómhair 2008 nó dá éis
  • gur bunaíodh í agus gur thosaigh sí ag trádáil idir 1 Eanáir 2009 agus 31 Nollaig 2026
  • nach sáraíonn sí na leibhéil sonraithe CC atá dlite.

Trádáil cháilitheach

Sa chuid is mó de chásanna, is trádáil cháilitheach í an trádáil maidir le cuideachta nua-thionscanta a bunaíodh idir 1 Eanáir 2009 agus 31 Nollaig 2026. Tá roinnt trádálacha fágtha ar lár as seo:

  • trádáil a bhí ar bun ag duine eile roimhe seo a bhfuil an chuideachta tagtha i gcomharbacht air
  • gníomhaíochtaí a bhí ar bun mar thrádáil nó mar ghairm duine eile roimhe
  • forbairt talún
  • peitriliam nó mianraí a thaiscéaladh nó a eastóscadh
  • gníomhaíochtaí cuideachta seirbhíse mar a shainítear i gCuid 13 (Alt 441) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 
  • gníomhaíochtaí, lena n-áirítear iascach, dobharshaothrú, táirgí talmhaíochta a tháirgeadh agus an tionscal guail, imlínithe in Airteagal 1 (fo-ailt a-h) den rialachán ón gCoimisiún Eorpach Commission Regulation (EC) No. 1998/2006
  • gníomhaíochtaí a bhí ar bun ag cuideachta chomhlachaithe de chuid na cuideachta nua atá mar chuid den trádáil atá ar bun ag an gcuideachta chomhlachaithe.

Má ghlacann do chuideachta le gníomhaíochtaí de chuid trádála eile, agus faoiseamh á éileamh ag an am céanna, ní chaithfear leis an trádáil nua mar thrádáil cháilitheach. Má aistríonn do chuideachta cuid de do thrádáil cháilitheach chuig duine bainteach, ní bheidh tú i dteideal an fhaoisimh don trádáil sin níos mó.

Ar aghaidh: Cén chaoi a ndéantar an faoiseamh a ríomh?