Faoiseamh cánach le haghaidh cuideachtaí nua-thionscanta

Léargas ginearálta

Má tá cuideachta nua tosaithe agat, féadfaidh sé go bhfuil tú in ann iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach le haghaidh cuideachtaí nua-thionscanta. Is éard atá i gceist leis an bhfaoiseamh seo, a dtugtar faoiseamh cánach Alt 486C air chomh maith, ná laghdú sa Cháin Chorparáide (CC) le haghaidh na chéad cúig bliana de do thrádáil.

Féadfar an faoiseamh a chur i bhfeidhm ar na brabúis ó do thrádáil nua agus ar gnóthachain inmhuirir a rinneadh ar shócmhainní a úsáideadh sa trádáil sin.

Féadfaidh tú a bheith i dteideal an fhaoisimh má tá do CC dlite €40,000 nó níos lú ná sin i mbliain chánach. Má tá do CC dlite idir €40,000 agus €60,000, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal faoisimh pháirtigh.

Braitheann faoiseamh cánach do chomhlachtaí nuathionscanta ar an méid Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) fostóra a íocann tú. Ní mór gur uasmhéid €5,000 an fhostaí agus €40,000 san iomlán a bheadh i gceist leis seo.

Ó 2013 féadfaidh sé a bheith indéanta do do chomhlacht aon fhaoiseamh nár úsáideadh a thabhairt ar aghaidh ó:

  • an chéad cúig bliana trádála sa chás gur bunaíodh an trádáil cháilitheach ar, nó tar éis, 1 Eanáir 2018
  • an chéad trí bliana trádála sa chás gur bunaíodh an trádáil cháilitheach roimh 1 Eanáir 2018.

Féadfaidh srianta áirithe a bheith i bhfeidhm agus tá siad leagtha amach sa rannán seo.

Ar aghaidh: An bhféadtar faoiseamh cánach a éileamh i leith do chuideachta nuathionscanta?