Bonn cuntasaíochta airgid a fuarthas

Tá dhá mhodh chun cuntas á choinneáil i leith Cáin Bhreisluacha (CBL):

  • bonn cuntasaíochta ar sonrasc
  • bonn cuntasaíochta ar airgead a fuarthas.

Is é an bonn cuntasaíochta ar sonrasc an gnáthmhodh. Ag brath ar do chúinsí, féadfaidh sé go mbeadh an rogha agat cuntas a choimeád i leith CBL ar bhonn cuntasaíochta ar airgead a fuarthas.  

Faoin mbonn cuntasaíochta ar sonrasc, tugann an trádálaí cuntas i leith CBL nuair a eisíonn siad an sonrasc chuig an gcustaiméir. Is cuma cé acu an bhfaigheann siad íocaíocht ón gcustaiméir ag an am seo nó nach bhfaigheann.

Tugtar an bonn cuntasaíochta admhála nó an bonn cuntasaíochta airgid a fuarthas air seo chomh maith. Faoin mbonn cuntasaíochta seo, tugann an trádálaí cuntas i leith CBL nuair a fhaigheann siad an t-airgead go hiarbhír ón gcustaiméir.

Féach an ranná Cuntas a thabhairt i leith CBL ar bhonn airgid a fuarthas le haghaidh tuilleadh eolais.