Nótaí an Mhúinteora

Réamhrá

Cuireadh modúl ‘Bunchúrsa Cánach’ na gCoimisinéirí Ioncaim le chéile chun léargas a thabhairt do scoláirí ar na príomhchánacha a d'fhéadfadh siad teacht orthu le linn a saol pearsanta agus ina gcuid oibre araon. Chun cabhrú le scoláirí fáil réidh don saol oibre, tá béim ar leith laistigh den mhodúl ar chánacha a bhaineann le fostaíocht.

Spriocanna Foghlama

  • Réimse cánacha coitianta a aithint agus míniú a thabhairt ar cén uair a d'fhéadfadh siad teacht chun cinn.
  • Cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a dtugtar cánacha isteach i ndlí na hÉireann.
  • An ról atá ag cánacha inár sochaí a mheas.
  • Idirdhealú a dhéanamh idir an córas cánach ÍMAT agus an córas féinmheasúnaithe.
  • Cánacha bunúsacha fostaíochta a ríomh.
  • Fadhbanna a bhaineann le gnáthchásanna cánach a réiteach ag úsáid an tseirbhís moChúrsaí de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.
  • Comparáid a dhéanamh idir na difríochtaí a bhaineann le hearraí a ordú ó laistigh nó lasmuigh den Aontas Eorpach.
  • Mínigh an scáthgheilleagar agus déan plé ar an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí scáthgheilleagair ar dhaoine aonair, ar ghnólachtaí agus ar gheilleagar na hÉireann.
Teidil aonaid agus príomhábhair

Aonad     

Teideal  

Príomhábhair 

Aonad 1 

 Achoimre ar Chánacha

Céard is cáin ann, an fáth a bhfuil gá le cánacha

Aonad 2 

 Conas a dhéantar cánacha

Léargas ar chánacha díreacha/indíreacha, polasaí cánach agus próiseas reachtaíochta

 Aonad 3

 Cáin Ioncaim d’fhostaithe

Ríomh bunúsach d'fhostaí ÍMAT, chun duillín pá a léamh

 Aonad 4

 MSU agus ÁSPC d’fhostaithe

Ríomhanna bunúsacha MSU & ÁSPC

 Aonad 5

 moChúrsaí

Réamhrá ar moChúrsaí

 Aonad 6

 Cáin Ioncaim agus CBL

Buneolas ar rialacha agus oibleagáidí Cánach Ioncaim & CBL

 Aonad 7

 Custaim

Achoimre ghinearálta ar rialacha Custam agus ar obair ár bhfoirne Custam

 Aonad 8

 Scáthgheilleagar, comhlíontacht agus an Biúró um Shócmhainní Coiriúla

Achoimre ar ár ngníomhaíochtaí comhlíontachta poiblíochta agus ar obair an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla