An tAonad Náisiúnta Cuideachtaí

Iarratas ar ráiteas faoi Alt 140 d'Acht na gCuideachtaí, 2014

In Alt 137 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, foráiltear nach mór d’aon chuideachta atá cláraithe leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí, stiúrthóir amháin ar a laghad a bheith aici atá cónaitheach sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE).

Mura bhfuil stiúrthóir LEE ag cuideachta, nó má tá cuideachta ar tí a stiúrthóir deireanach LEE a chailleadh, féadfaidh an chuideachta banna €25,000 a thíolacadh don OCC. Is íocaíocht ar chuntas é an banna seo le haghaidh aon fhíneálacha féideartha. Féadfar fíneálacha a ghearradh ar an gcuideachta as na hAchtanna Cuideachtaí nó na hAchtanna Comhdhlúite Cánach a shárú.

Féadfaidh cuideachta iarratas a dhéanamh chuig an OCC ar dheimhniú ar cheangal fírinneach agus leanúnach. Is rogha eile é seo in ionad banna a thaisceadh. Ni mór do chuideachtaí iarratas a dhéanamh leis an bhfoirm B67 de chuid an OCC.

Mar chuid den phróiseas seo, ní mór don chuideachta atá ag déanamh an iarratais, iarratas ar leithligh a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim ar ráiteas ar cheangal fírinneach agus leanúnach. Eisíonn an tAonad Náisiúnta Cuideachtaí sna Coimisinéirí Ioncaim an ráiteas seo.

Ní mór é a cheangal leis an bhfoirm B67 agus a chur ar aghaidh chuig an OCC le haghaidh próiseála. Féadtar iarratas ar ráiteas ar cheangal fírinneach agus leanúnach a sheoladh chuig an Aonad Náisiúnta Cuideachtaí sna Coimisinéirí Ioncaim trí M’Fhiosruithe (atá ar fáil ar ROS nó M’Fhiosruithe).

Ba chóir go mbeadh sonraí iomlána ar chúlra an iarratais, chomh maith le doiciméid tacaíochta, nuair is cuí, san áireamh leis an iarratas.

Ar aghaidh: Ráiteas Sonraí Cuideachta