An tAonad Náisiúnta Cuideachtaí
Léargas ginearálta
Tá freagracht ag an Aonad Náisiúnta Cuideachtaí sna Coimisinéirí Ioncaim as na feidhmeanna seo a leanas:
- iarratais ar litreacha gan agóid chun cuideachta a bhaint den chlár go saorálach
- iarratais i ndáil le cuideachtaí a chur ar ais ar an gclár
- iarratas ar ráitis faoi Alt 140 d’Acht na gCuideachtaí, 2014 – ceangal fírinneach agus leanúnach le gníomhaíochtaí geilleagracha á ndéanamh sa Stát
- Foirm 11F CRO (Ráiteas Sonraí).
Tugadh an t-eolas cothrom le dáta chun Acht na gCuideachtaí, 2014 a chur san áireamh
Ba chóir gach iarratas agus comhfhreagras, is cuma faoi láthair na cuideachta, a dhéanamh trí M’Fhiosruithe. Féadtar níos mó sonraí teagmhála a fháil sa rannán Déan Teagmháil Linn.
Tá tuilleadh eolais ar an méid seo a leanas le fáil in Acht na gCuideachtaí, 2014, agus ar shuíomh idirlín na hOifige um Chlárú Cuideachtaí (CRO):
- cuideachtaí a chur ar ais ar an gclár
- cuideachtaí a bhaint den chlár go saorálach
- agus
- iarratas ar ráiteas faoi Acht na gCuideachtaí, 2014 (Alt 140).
Ar aghaidh: Cuideachta a bhaint den chlár go saorálach