An tAonad Náisiúnta Cuideachtaí

Cuideachtaí a chur ar ais ar an gclár

In Acht na gCuideachtaí 2014, sonraítear an próiseas maidir leis an gcaoi a bhféadtar cuideachta a baineadh de Chlár na gCuideachtaí leis an OCC roimhe seo, a chur ar ais ar an gClár. (Féach Ailt 738, 739 agus 740).

Ní mór gach iarratas a dhéanamh i scríbhinn leis na páirtithe don fhógra bainteach.

Is iad na páirtithe fógra don achainí ná:

  • an Oifig um Chlárú Cuideachtaí
  • Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit
  • an tAire Airgeadais
  • an Rannóg Maoine Stáit
  • agus
  • na Coimisinéirí Ioncaim.

I gcás na gCoimisinéirí Ioncaim, ní mór cóipeanna dílse den achainí a sheirbheáil ar Dhlíodóir na gCoimisinéirí Ioncaim agus ar an Aonad Náisiúnta Cuideachtaí araon.

Ní mór gach tuairisceán cánach amuigh do na tréimhsí réamh-díscaoilte agus díscaoilte a thíolacadh sular féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim litir gan agóid a eisiúint. Freisin, ní mór duit na cuntais agus na ríomhanna le haghaidh na dtuairisceán seo a thíolacadh. Ní mór seirbheáil an rúin, na hachainí agus na ndoiciméad mhionnscríbhinne a bheith déanta freisin.

Ní mór gach tuairisceán cánach amuigh do na tréimhsí réamh-díscaoilte agus díscaoilte a thíolacadh sular féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim litir gan agóid a eisiúint. Freisin, ní mór duit na cuntais agus na ríomhanna le haghaidh na dtuairisceán seo a thíolacadh. Ní mór seirbheáil an rúin, na hachainí agus na ndoiciméad mhionnscríbhinne a bheith déanta freisin.

Ní mór deimhnisc a bheith i mionscríbhinn an achainígh:

  • go bhfuil na tuairisceáin amuigh déanta agus in ord
  • agus
  • go ngeallann an t-achainíoch ar a shon/son féin, agus ar son na cuideachta, na cánacha amuigh uile a íoc. Ní mór go ndéanfar é seo taobh istigh d’aon mhí ón ordú a bheith ceadaithe an chuideachta a chur ar ais ar an gClár.

Fanfaidh an chuideachta gan a bheith curtha ar ais ar an gClár go dtí go ndéantar an t-ordú a sheachadadh (chuig Cláraitheoir na gCuideachtaí) taobh istigh de thrí mhí ón dáta a cheadaigh an chúirt an t-ordú.

Nuair a bheidh an chuideachta ar ais ar an gClár, ba chóir di iarratas a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim go ndeanfar athghníomhú ar gach ceannteideal cánach cuí go léir ionas go bhféadtar na tuairisceáin chánach riachtanacha uile a thíolacadh.

Tá €530 ar chostais dlí dhlíodóir na gCoimisinéirí Ioncaim.

[1] ráiteas foirmiúil ó pháirtí i gcás fíric nó cúinse a ndéanann an páirtí tairiscint é a chruthú nó a fhíorú.

Ar aghaidh: Iarratas ar ráiteas faoi Alt 140 d'Acht na gCuideachtaí, 2014