An tAonad Náisiúnta Cuideachtaí

Cuideachta a bhaint den chlár go saorálach

Maidir le hiarratais ar chuideachta a bhaint den chlár go saorálach faoi Alt 731 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, baineann siad le cuideachtaí atá cláraithe leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (OCC) agus a bhfuil ceann díobh seo i gceist leo:

  • cuideachtaí a scoir de thrádáil
  • cuideachtaí nár thrádáil riamh.

Sna cásanna seo, ní mór do stiúrthóirí na cuideachta iarratas a dhéanamh leis an OCC an chuideachta a bhaint den Chlár. Mar chuid den nós imeachta maidir le cuideachta a bhaint den Chlár, ní mór don chuideachta a litir gan aon agóid ó na Coimisinéirí Ioncaim a sholáthar don OCC.

Ní mór do stiúrthóir gníomhach de chuid na cuideachta an t-iarratas ar chuideachta a bhaint den Chlár a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim. Féadfaidh oifig foirmithe cuideachtaí nó gníomhaireacht eile idirghníomhú a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim ar son na cuideachta. Sa chás seo ba chóir litir toilithe (údarú chun gníomhú), sínithe ag stiúrthóir gníomhach, a bheith in éineacht le gach iarratas.

Níor chóir iarratais a thíolacadh ach amháin nuair atá tuairisceáin chánach le haghaidh gach tréimhse suas leis an dáta scoir agus an dáta sin san áireamh tíolactha ar ROS. Níor chóir go mbeadh aon dliteanais chánach amuigh. Ba chóir don chuideachta a chinntiú go bhfuil siad scortha ar fud na gceannteideal cánach uile leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Déantar é seo ar an gcaoi seo:

  • leis an bhfeidhm ‘Riar Clárúcháin Chánach’ ar ROS
  • trí fhoirm TRCN1 a chomhlánú agus a sheoladh chuig an oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Tá an t-eolas seo a leanas éigeantach le haghaidh gach iarratas:

  • Ainm na cuideachta
  • Uimhir leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (OCC)
  • An Uimhir Clárúcháin Cánach (éigeantach sa chás go bhfuil an chuideachta cláraithe nó tar éis trádáil a dhéanamh)
  • Dáta cruinn scoir na cuideachta
  • Ráiteas sa chéill nach bhfuil aon sócmhainní ná dliteanais amuigh ag an gcuideachta
  • Mura bhfuil aon trádáil déanta ag an gcuideachta riamh, ba chóir go ndeimhneofaí san iarratas nach bhfuil nó nach raibh an chuideachta ag fáil aon ioncam a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le dliteanas cánach faoi na hachtanna cánach.
  • Seoladh le haghaidh comhfhreagrais
  • Uimhir fóin.

Tabhair do d’aire

Is fearr seoladh ríomhphoist, ach níl sé éigeantach

Féadtar iarratas ar ráiteas ar chuideachta a bhaint den chlár a sheoladh chuig an Aonad Náisiúnta Cuideachtaí sna Coimisinéirí Ioncaim trí M’Fhiosruithe (atá ar fáil ar ROS nó M’Fhiosruithe).

Seolfar ar ais aon iarratais neamhiomlána don iarratasóir lena gcomhlánú i gceart.

Mar gheall go bhfuil faisnéis íogair i gceist le hiarratais ar chuideachta a bhaint den chlár, níor chóir iad a sheoladh trí ríomhphost nach bhfuil slán.

Níl litreacha gan agóid de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim bailí ach amháin ar feadh trí mhí. Nuair a bheidh an litir seo eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, ba chóir í a chur faoi bhráid an OCC, in éineacht leis an bhfoirm iarratais H15 de chuid an OCC.

Ar aghaidh: Cuideachtaí a chur ar ais ar an gclár