Idirbhearta slabhrúla

Tugadh rialacha nua Cánach Breisluacha (CBL) isteach ar idirbhearta slabhrúla ón 1 Eanáir 2020. Cabhróidh na rialacha seo le trádálaithe an cinneadh a dhéanamh faoin gcaoi le hearraí atá i slabhraí soláthair trasteorann a iompar taobh istigh den Chomhphobal.

Is éard is idirbheart slabhrúil ann ná sraith leanúnach de na hearraí céanna idir soláthraithe iomadúla. Níl san idirbheart seo, áfach, ach iompar amháin taobh istigh den Chomhphobal i gceist leis na hearraí sin.

Níl feidhm ag na rialacha ach i gcúinsí áirithe nuair atá an méid seo a leanas i gceist leis na hearraí:

  • gur iompraíodh na hearraí ó Bhallstát amháin den Aontas Eorpach (AE) chuig Ballstát AE eile
  • gur iompraíodh na hearraí go díreach ón gcéad soláthraí chuig an gcustaiméir deireanach sa slabhra
  • go ndearna an t-oibreoir idirmheánach nó tríú páirtí na hearraí a iompar thar ceann an idirghabhálaí. 

Tá mioneolas ar an gcánachas CBL maidir le rialacha i leith idirbhearta slabhrúla ar fáil sa rannán Treoir bhreise.