Soláthairtí laistigh den Chomhphobal (ICS)

Céard is triantánú ann?

Is éard atá i gceist le triantánú ná dhá sholáthar earraí idir triúr trádálaithe atá cláraithe le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) i dtrí Bhallstát éagsúla den Aontas Eorpach (AE). Mar shampla, sa chás go ndíolann trádálaí bunaithe i mBallstát amháin (BS1) earraí le trádálaí bunaithe i mBallstát eile (BS2). Seachadtar na hearraí chuig trádálaí sa tríú Ballstát (BS3).

Tá beart simpliúcháin ann chun an t-ualach riaracháin agus comhlíontachta ar thrádálaithe agus ar na húdaráis chánach a bhfuil baint acu le hidirbhearta triantánacha den chineál sin a laghdú. Ní fhéadann an beart simpliúcháin seo oibriú ach amháin nuair a bhíonn an triúr trádálaithe cláraithe le haghaidh CBL san Aontas Eorpach. 

Go ginearálta, is mar seo a leanas a oibríonn an beart simpliúcháin:

  • Déantar soláthar nialas-rátaithe laistigh den Chomhphobal ó chomhlacht A go comhlacht B.
  • Cláraítear an soláthar ar thuairisceán ar an gcóras malartaithe faisnéise CBL (VIES) mar sholáthar ó chomhlacht A go comhlacht B.
  • Ós rud é go bhfuil a uimhir CBL luaite ag comhlacht B, tá fáltas laistigh den chomhphobal (ICA) déanta aige. Tugann comhlacht B cuntas i leith an ICA seo ar a thuairisceán CBL.
  • Déanann comhlacht B soláthar saor ó CBL le comhlacht C. Tugann gnóthas C cuntas i leith an idirbhirt seo ina thuairisceán CBL mar sholáthar a fuarthas. Ar an gcaoi seo, meastar cuntas a bheith tugtha ag comhlacht C i leith dhliteanas CBL chomhlacht B i mBallstát 3.

Nuair a bheidh comhlacht C i dteideal CBL a aiséileamh, tógann sé creidmheas comhuaineach don idirbheart seo sa tuairisceán cuí CBL.

 Déanann Comhlacht A i mBallstát 1 soláthair do Chomhlacht B i mBallstát 2 ach seachadtar na hearraí go díreach do Chomhlacht C i mBallstát 3. Eisíonn Comhlacht A sonrasc do Chomhlacht B agus eisíonn Comhlacht B sonrasc do Chomhlacht C

Idirbhearta a bhfuil níos mó ná trí chomhlacht i gceist leo

Ní fhéadtar an beart simpliúcháin a oibriú ach amháin sa chás tipiciúil triantánachta mar atá leagtha amach thuas. Sa chás go bhfuil níos mó ná trí chomhlacht i gceist (m.sh. díola i ndiaidh a chéile idir comhlachtaí i mBallstát 2), caithfear an bealach beacht dlíthiúil a leanúint. Sna cásanna seo, féadfaidh sé go dteastódh clárúchán i mBallstát amháin eile ar a laghad, ag brath ar na cúinsí ar leith.

Ar aghaidh: Fianaise a theastaíonn le hearraí a sholáthar laistigh den Chomhphobal