Soláthairtí laistigh den Chomhphobal (ICS)

Cruthú gur iompraíodh earraí gan toimhde iompair a chur i bhfeidhm

Sa chás nach bhfuil na doiciméid riachtanacha ag an soláthraí chun an toimhde iompair a fheidhmiú, ní chiallaíonn sé seo nach bhféadtar an ráta nialasach a chur i bhfeidhm. Féadtar an ráta nialasach a chur i bhfeidhm má chuirtear cruthúnas ar sheoladh agus iompair ar fáil. Braitheann an cruthúnas riachtanach ar cé acu duine a d’eagraigh an t-iompar. Leagtar amach thíos na cásanna éagsúla.

Iompar eagraithe ag an gcustaiméir

I gcás iompar na n-earraí chuig an gcustaiméir a bheith eagraithe ag an soláthraí, ba chóir don soláthraí na doiciméid tráchtála a bhaineann leis an soláthar agus leis an iompar a choinneáil.

Seo a leanas roinnt samplaí:

  • cáipéis ordaithe
  • duillín seachadta
  • sonrasc soláthraí
  • cáipéis iompair, mar shampla bille luchta
  • fianaise ar aistriú airgid ó bhainc eachtracha le haghaidh íocaíochta.

Iompar eagraithe ag an gcustaiméir

Féadann an custaiméir gnó iompar na n-earraí a eagrú nó na hearraí a thabhairt leo ina modh iompair féin. Sna cúinsí seo, ní mór don soláthraí a bheith sásta gur iompraíodh nó gur seoladh na n-earraí chuig Ballstát eile de chuid an Aontais Eorpaigh (AE).

Ba chóir don soláthraí fianaise dhoiciméadach a fháil ón gcustaiméir agus é a choinneáil. Úsáidtear na doiciméid seo mar fhianaise go bhfuarthas na hearraí sa Bhallstát eile. I gcásanna den chineál sin, féadfaidh an méid seo a bheith i gceist leis an bhfianaise dhoiciméadach:

  • cóipeanna d’admhálacha trádstórais
  • duillíní seachadta.

Ba chóir sonraí a choinneáil faoi na modhanna iompair a d’úsáid an custaiméir chun na hearraí a iompar, amhail:

  • an uimhir cláraithe feithicle
  • an uimhir eitilte
  • agus
  • sonraí seolta an bháid. 

Ar aghaidh: Fadhbanna ar chóir do sholáthraithe a bheith airdeallach faoi