Soláthairtí laistigh den Chomhphobal (ICS)

Ráta nialasach CBL ar sholáthairtí earraí laistigh den chomhphobal

Is é an áit a dtosaíonn an t-iompar an áit a dtarlaíonn soláthar earraí laistigh den Chomhphobal.

Féadfaidh sé go mbeidh feidhm ag an ráta nialasach CBL leis an soláthar earraí laistigh den Chomhphobal má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

  • tá an custaiméir cláraithe le haghaidh CBL i mBallstát eile
  • faigheann tú agus coiníonn tú uimhir clárúcháin CBL an chustaiméara (lena n-áirítear réimír na tíre)
  • luann tú d’uimhir CBL agus uimhir CBL do chustaiméara ar an sonrasc díolacháin
  • seoltar nó iompraítear na hearraí chuig Ballstát eile
  • agus
  • tá Tuairisceáin VIES chearta déanta ag an soláthróir.

Mura gcomhlíontar aon cheann de na cúig choinníoll thuasluaite, ní mór duit CBL na hÉireann a ghearradh ag an ráta cuí ar do chustaiméir i leith na n-earraí.

Mura gcomhlíontar leis an riachtanas an tuairisceán VIES ceart a thíolacadh, ní fhéadtar an ráta nialasach a chur i bhfeidhm ar sholáthar na hearraí.

Féadfaidh sé nach bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim sásta gur díoladh agus gur soláthraíodh earraí ar leith le duine cláraithe le haghaidh CBL i mBallstát eile. Sna cásanna seo, éiríonn an soláthraí chun bheith faoi dhliteanas agus ní mór dóibh CBL na hÉireann a ghearradh. 

Má dheimhnítear ina dhiaidh sin na coinníollacha le haghaidh ráta nialasach:

  • beidh an custaiméir i dteideal an CBL a d’íoc siad a aiséileamh
  • agus
  • féadfaidh an soláthraí coigeartú a dhéanamh ina dtuairisceán CBL don tréimhse. 

Ar aghaidh: Céard is triantánú ann?