Soláthairtí laistigh den Chomhphobal (ICS)

Fadhbanna ar chóir do sholáthraithe a bheith airdeallach faoi

Moltar do sholáthraithe cúram speisialta a thógáil. Ba chóir do sholáthraithe a chinntiú go gcomhlíontar na cúig choinníoll um nialas-rátú le haghaidh díolacháin agus soláthairtí earraí chuig Ballstáit eile. Féadfaidh sé go gcothaítear amhras, mar shampla:

  • mura raibh aithne ag an soláthraí ar an gcustaiméir roimhe seo
  • má shocraíonn an custaiméir na hearraí a bhailiú agus a iompar
  • má thagann modh iompair an chustaiméara chuig áitreabh an tsoláthraí gan réamhfhógra ná comhfhreagras
  • má íocann an custaiméir in airgead tirim
  • mura dtagann cineál nó cainníocht na n-earraí arna gceannach leis an gcleachtas tráchtála, ag cur san áireamh ceann scríbe na n-earraí.

Nuair a bhíonn aon cheann de na cúinsí seo i gceist, ní mór don soláthraí a bheith go speisialta cúramach.

Sa chás go dtagann aon amhras aníos, ba chóir don soláthraí Cáin Bhreisluacha (CBL) Éireannach a ghearradh. Sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha le haghaidh rátáil nialasach ina dhiaidh sin, tá an custaiméir i dteideal an CBL atá íoctha aige leis an soláthraí a fháil ar ais ón soláthraí. Féadfaidh an soláthraí coigeartú a dhéanamh ina dtuairisceán CBL don tréimhse.

Féadfaidh sé go bhfuil an soláthraí faoi amhras maidir le bailíocht na huimhreach clárúcháin CBL a sholáthraíonn an custaiméir. Sna cásanna seo, ba chóir don soláthraí an uimhir chlárúcháin CBL curtha ar fáil ag an custaiméir a dheimhniú ach úsáid a bhaint as an gcóras bailíochta uimhreach CBL. Ba chóir an uimhir chlárúcháin CBL curtha ar fáil ag an custaiméir a dheimhniú sula gcuirtear an nialas-rátú i bhfeidhm.

Ba chóir go nglacfaidh soláthraithe gach cúram réasúnach chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha le haghaidh rátáil nialasach. Sa chás go dtógann soláthraí na céimeanna seo, ní ghearrfar pionós orthu má tharlaíonn sé ina dhiaidh sin gur éirigh fadhb le coinsíneacht áirithe. Gheofar an cháin dhlite ar ais ag an ráta Éireannach, áfach, ó aon soláthraí a loic céimeanna réasúnacha dá leithéid a thógáil. Féach ar How to protect your business from becoming involved in VAT fraud.

Pionóis ar éilimh chalaoiseacha

Tá pionóis ann as ucht éilimh chalaoiseacha a dhéanamh ar rátáil nialasach.

Is iad seo a leanas na pionóis:

  • Gabháil agus forghéilleadh earraí ar ráta nialasach nár seoladh nó nár iompraíodh lasmuigh den Stát.
  • Sa chás go n-úsáidtear uimhir mhícheart CBL do gach idirbheart, beifear faoi dhliteanas pionós €4,000. Tá an pionós seo sa bhreis ar an tsuim chánach a bheadh inmhuirir.
  • Féadfaidh sé go ngabhfaí thú.
  • Pionóis shibhialta agus choiriúla suas le €126,970 agus príosúnacht suas le cúig bliana. 

Ar aghaidh: Soláthairtí earraí inmháil chuig Ballstáit eile