Soláthairtí laistigh den Chomhphobal (ICS)

Soláthairtí earraí inmháil chuig Ballstáit eile

Aon soláthraí a dhíolann earraí inmháil le Ballstát eile, ní mór dóibh clárú le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) sa Bhallstát sin. Beidh díolachán earraí inmháil i gcónaí faoi dhliteanas CBL sa Bhallstát a dtagann siad isteach ann.

Céard is earraí inmháil ann?

Is earraí inmháil iad seo a leanas:

  • Alcól agus deochanna meisciúla, mar shampla:
    • fíon
    • beoir
    • leann úll
    • biotáille.
  • Táirgí tobac, mar shampla:
    • toitíní
    • todóga
    • todóigíní
    • tobac le rolladh agus tobac píopa.
  • Olaí mianracha (is é sin breoslaí mótair agus téimh).

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL maidir le hearraí inmháil le fáil sa rannán Treoir breise.

Ar aghaidh: Soláthar modhanna iompair nua laistigh den Chomhphobal