Soláthairtí laistigh den Chomhphobal (ICS)

Fianaise a theastaíonn le hearraí a sholáthar laistigh den Chomhphobal

Teastaíonn doiciméid chun cruthúnas a thabhairt ar sheoladh agus baint na n-earraí ón Stát.

Toimhde gur iompraíodh na hearraí

Sa chás go bhfuil doiciméid áirithe ag an soláthraí earraí, féadtar glacadh leis gur seoladh agus gur iompraíodh na hearraí.

Tá faisnéis níos mionsonraithe maidir le doiciméid a theastaíonn ar fáil faoi Treoir Bhreise.

Sa chás nach bhfuil na doiciméid seo ag an soláthraí, ní chiallaíonn sé seo nach bhféadtar an ráta nialasach a chur i bhfeidhm. Féadtar an ráta nialasach a chur i bhfeidhm má chuirtear fianaise shásúil ar sheoladh agus iompair ar fáil. Braitheann an cruthúnas riachtanach ar cé acu duine a d’eagraigh an t-iompar. Tugtar samplaí sna leathanaigh seo a leanas de chruthúnas a fhéadtar a úsáid le cruthú gur tharla an t-iompar sna cúinsí sin. 

Ar aghaidh: Cruthú gur iompraíodh earraí gan toimhde iompair a chur i bhfeidhm