Soláthairtí laistigh den Chomhphobal (ICS)

Soláthar modhanna iompair nua laistigh den Chomhphobal

Meastar gur soláthar laistigh den Chomhphobal (ICS) é modh iompair nua a sholáthar d'aon duine i mBallstát eile. Baineann an téarma 'modh iompair nua' le mótarfheithiclí, báid nó aerárthaí. Ní mór don chustaiméir a fhaigheann an modh iompair nua Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc i mBallstát áit an tsroichte.

Áiríonn sé seo díol modha iompair nua do dhuine príobháideach i mBallstát eile. I gcúinsí den chineál seo, is i mBallstát áit an tsroichte a íoctar CBL faoi dheoidh.

Sa chás, áfach, go mbailíonn an custaiméir an modh iompair nua sa Stát sin, ba chóir don déileálaí CBL a ghearradh. Nuair a shásaíonn an custaiméir don déileálaí gur íocadh CBL ina mBallstát féin, ba chóir don déileálaí an CBL a gearradh a aisíoc leis an gcustaiméir. Féadfaidh an déileálaí ansin an dliteanas CBL a choigeartú dá réir sa tuairisceán CBL don tréimhse sin.

Ba chóir don déileálaí an cruthúnas doiciméadach uile a choinneáil, amhail: 

  • cóip den admháil a thaispeánann íocaíocht CBL sa Bhallstát eile i dtaca leis an modh iompair nua bainteach
  • agus
  • cruthúnas ar chlárúchán an modha iompair nua sa Bhallstát eile.

Leagtar amach sa tábla seo a leanas céard a mheastar a bheith ina mhodh iompair nua chun críocha CBL:

Modh iompair nua chun críocha CBL

Iompar

Sonraíocht

'Nua'

Mótarfheithiclí

Os cionn 48cc nó os cionn 7.2kw cumhachta

6 mhí d'aois nó níos lú,  6,000km nó níos lú taistealta

Soitheach mara

Os cionn 7.5mhéadar ar fhad

3 mhí d'aois nó níos lú,  100 uair a chloig nó níos lú seolta

Aerárthach

Meáchan éirithe os cionn 1,550kg

3 mhí d'aois nó níos lú, nó a eitlíodh ar feadh 40 uair a chloig nó níos lú