Cén uair a bhíonn pionóis iníoctha do na Coimisinéirí Ioncaim?

Pionóis sheasta

Seo a leanas liosta de na pionóis sheasta le haghaidh CBL:

  • Loiceadh clárú mar dhuine cuntasach – €4,000
  • Loiceadh an CBL a ghearradh agus CBL a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim – €4,000
  • Loiceadh leabhair agus taifid chuí a choinneáil — €4,000
  • Teip maidir le riachtanais sonrasctha a chomhlíonadh — €4,000
  • Loiceadh tuairisceán ráithiúil de sholáthairtí laistigh den Chomhphobal (tuairisceán VIES) a sheoladh chuig Na Coimisinéirí Ioncaim – €4,000
  • Cuidiú le tuairisceáin, sonraisc, nótaí creidmheasa srl atá míchruinn a dhéanamh - €4,000
  • Loiceadh ag feirmeoir ar ráta comhréidh sonrasc a eisiúint ag taispeáint an méid breise ar ráta comhréidh — €4,000
  • Sonrasc CBL eisithe ag duine neamhchláraithe – €4,000
  • Breis chothromráta a ghearradh gan údarás - €4,000
  • Toirmeasc nó moill toiliúil ar oifigeach údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir lena c(h)umhachtaí a chleachtadh - €4,000
  • Loiceadh taifead an earra chaipitiúil a choinneáil maidir le gach earra caipitiúil — €4,000
  • Loiceadh taifead earra chaipitiúil a sholáthar, nuair is gá, ar aistriú d’earra caipitiúil — €4,000
  • Cosc nó toirmeasc ar dhuine údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir le maoin a scrúdú le haghaidh luacháil na maoine sin chun críocha CBL – €4,000
  • Sa chás go ndearna comhlacht daoine na loiceanna nó na gníomhartha thuasluaite, is é rúnaí an chomhlachta atá dlite le haghaidh pionós ar leithligh a íoc — €4,000
  • Soláthar earraí agus seirbhísí incháinithe a sháraíonn an riachtanas urrúis le haghaidh cosaint na gCoimisinéirí Ioncaim (banna faoi Alt 109), i ndáil le gach soláthar dá leithéid - €4,000.

Ar aghaidh: Pionóis i leith taifid mhíchearta CBL