Cén uair a bhíonn pionóis iníoctha do na Coimisinéirí Ioncaim?

Pionóis cháinghiaráilte

Féadtar pionóis ar iompar d’aon ghnó nó ar iompar míchúramach a ghearradh ort mar gheall ar:

  • má thíolacann tú tuairisceán mícheart d’aon ghnó nó go míchúramach
  • má dhéanann tú éileamh nó dearbhú mícheart
  • má loiceann tú tuairisceán dlite a thíolacadh.

Cuirtear na pionóis i bhfeidhm bunaithe ar an difríocht idir:

  • an tsuim chánach a íocadh nó a éilíodh más ann di
  • agus
  • an tsuim cheart atá le híoc nó le haisíoc.

Sa chás go dtabhaíonn comhlacht daoine pionós cáinghiaráilte amhail:

  • cuideachta
  • cumann

d'fhéadfadh pionós ar leithligh €1,500 nó €3,000 a bheith ar an Rúnaí i gcás iompair d’aon ghnó.

Tá tuilleadh eolais le fáil sa rannán treoir bhreise ar Chód Cleachtais agus Comhlíontacht na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: Pionóis sheasta