Cén uair a bhíonn pionóis iníoctha do na Coimisinéirí Ioncaim?
Féadfaidh pionóis teacht aníos sna cásanna seo:
- nuair nach n-íoctar an tsuim chuí Cánach Breisluacha (CBL) ag an am cheart
- nó
- nuair a loiceann tú cloí leis na dualgais shonracha faoin reachtaíocht CBL.
Féadfar pionós a aontú idir tusa agus na Coimisinéirí Ioncaim nó féadfaidh na cúirteanna cinneadh a dhéanamh.
Seo a leanas liosta de na pionóis le haghaidh CBL
- loiceadh clárú mar dhuine cuntasach – €4,000
- loiceadh an CBL a ghearradh agus CBL a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim – €4,000
- loiceadh leabhair agus taifid chuí a choinneáil - €4,000
- teip chun géilleadh le riachtanais sonrasctha — €4,000
- loiceadh tuairisceán ráithiúil de sholáthairtí laistigh den Chomhphobal (tuairisceán VIES) a sheoladh chuig Na Coimisinéirí Ioncaim - €4,000
- cuidiú le tuairisceáin, sonraisc, nótaí creidmheasa srl atá míchruinn a dhéanamh - €4,000
- loiceadh ag feirmeoir ar ráta comhréidh sonrasc a eisiúint ag taispeáint an méid breise ar ráta comhréidh - €4,000
- sonrasc CBL eisithe ag duine neamhchláraithe – €4,000
- breis chothromráta a ghearradh gan údarás - €4,000
- toirmeasc nó moill toiliúil ar oifigeach údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir lena c(h)umhachtaí a chleachtadh - €4,000
- cosc nó toirmeasc ar dhuine údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir le maoin a scrúdú le haghaidh luacháil na maoine sin chun críche CBL - €4,000
- sa chás go ndearna comhlacht daoine na loiceanna nó na gníomhartha thuasluaite, is é rúnaí an chomhlachta atá dlite le haghaidh phionós ar leithligh a íoc - €4,000
- soláthar earraí agus seirbhísí incháinithe a sháraíonn an riachtanas urrúis le haghaidh chosaint na gCoimisinéirí Ioncaim (banna faoi Alt 109), i ndáil le gach soláthar dá leithéid - €4,000.
Pionóis ar iompar beartaithe agus míchúramach le linn tuairisceán CBL a thíolacadh
Gearrfar pionóis ort sna cásanna seo:
- má thíolacann tú tuairisceán mícheart d’aon ghnó nó go míchúramach
- má dhéanann tú éileamh nó dearbhú mícheart
- má loiceann tú tuairisceán dlite a thíolacadh.
Cuirtear na pionóis i bhfeidhm bunaithe ar an difríocht idir:
- an tsuim chánach a íocadh nó a éilíodh, más ann di
- agus
- an tsuim cheart atá le híoc nó le haisíoc.
Maidir leis an ráta ag a ríomhtar an pionós, braitheann sé ar fhachtóirí éagsúla, amhail:
- ar cé acu ar loic nó nár loic an duine comhlíonadh go míchúramach ach gan d’aon ghnó
- ar cé acu an gcomhoibríonn nó nach gcomhoibríonn an duine go hiomlán leis na Coimisinéirí Ioncaim agus tráthúlacht an chomhoibrithe sin i gcúinsí áirithe
- ar cé acu an ndéanann nó nach ndéanann an duine nochtadh cáilitheach.
Tá tuilleadh eolais ar ús agus ar phionóis ar fáil sa rannán Treoir Bhreise.