Cén uair a bhíonn pionóis iníoctha do na Coimisinéirí Ioncaim?

Pionóis i leith taifid mhíchearta CBL

Féadtar pionós a ghearradh má dhéanann tú aon cheann acu seo a leanas a tháirgeadh, a thabhairt, a sheoladh nó a úsáid ar shlí eile go mícheart:

  • sonrasc
  • uimhir chlárúcháin
  • nóta creidmheasa
  • nóta fiachais
  • admháil
  • cuntas
  • dearbhán
  • ráiteas bainc
  • meastachán
  • ráiteas
  • leabhar faisnéise
  • doiciméad
  • taifead.

D'fhéadfaí pionós €3,000 a ghearradh ar iompar míchúramach nó €6,000 ar iompar d'aon ghnó.

Ar aghaidh: Earraí a fháil ó thar lear