Céard is meastachán CBL ann?

Má loiceann tú tuairisceán Cánach Breisluacha (CBL) a thíolacadh, tá sé de chumhacht ag na Coimisinéirí Ioncaim meastachán a dhéanamh maidir leis an CBL atá dlite. Eiseofar fógra foirmiúil chugat ina léirítear an tsuim mheasta iníoctha.

Céard ba chóir dom a dhéanamh má fhaighim meastachán CBL?

Ní mór duit do thuairisceáin CBL a thíolacadh do na tréimhsí atá clúdaithe ag an bhfógra. Ní mór duit an CBL atá dlite ar na tuairisceáin seo a íoc.

Má tá aon fhiosruithe agat maidir le meastachán CBL, féadtar teagmháil a dhéanamh linn.

An féidir liom achomharc a dhéanamh in aghaidh meastachán CBL?

Ní fhéadtar achomharc a dhéanamh in aghaidh an tsuim mheasta CBL. Ina áit sin, ní mór duit do thuairisceán CBL a thíolacadh agus tiocfaidh sé in áit an mheastacháin. Ní mór duit an CBL atá dlite ar an tuairisceán a íoc.

Ní fhéadtar achomharc a dhéanamh in aghaidh meastachán CBL ach amháin ar an bhforas nach duine cuntasach thú. Ní mór duit d’achomharc a thíolacadh chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach.

Meastachán CBL a íoc

Ar íoc meastacháin duit, ní shaortar thú ón dualgas tuairisceán CBL a thíolacadh.