Seirbhísí tréidliachta

Seirbhísí tréidliachta a sholáthraíonn tréidlianna le linn a ngairme, beidh siad faoi dhliteanas Cáin Bhreisluacha (CBL) ag an ráta laghdaithe. Ní gá gur tréidlianna iad a sholáthraíonn seirbhísí den chineál seo.

Comhpháirtíochtaí nó cleachtaí tréidliachta

Aon tréidlianna ar comhaltaí iad de chomhpháirtíocht, nó a fheidhmíonn mar chomhaltaí de chleachtaí tréidliachta, ní chaitear leo mar dhaoine neamhspleácha chun críocha CBL. Sna cúinsí seo, déantar comhiomlánú ar fháltais gach duine le chéile atá páirteach sa chomhpháirtíocht nó sa cleachtadh agus beidh siad faoi réir na dtairseacha clárúcháin.