Clubanna gailf faoi úinéireacht ballraíochta

Tá díolúine ó Cháin Bhreisluacha (CBL) ag aon ioncam a bhaineann le galf arna fháil ag clubanna faoi úinéireacht ballraíochta i dtaca le háiseanna gailf. Baineann an díolúine seo le:

  • táillí imeartha
  • táillí comórtais  
  • táillí ballraíochta (lena n-áirítear ballraíocht ghearrthréimhseach agus ballraíocht chorparáideach).

Clubanna atá faoi úinéireacht ballraíochta, agus a bhfuil díolúine ag a n-ioncam gailf agus ag a n-ioncam ó tháillí ballraíochta, ní fhéadfaidh siad CBL a éileamh ar ais i dtaca leis an ioncam seo.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL maidir le clubanna gailf faoi úinéireacht ballraíochta le fáil sa rannán Treoir breise.