Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF) a ríomh

Astaíochtaí Ocsaíde Nítrigine

Réamhrá

Ón 1 Eanáir 2020, cuireadh an dara comhchuid le ríomh na Cánach Cláraithe Feithiclí (CCF). Cuirtear an muirear Ocsaíde Nítrigine (NOx) leis na rátaí dé-ocsaíde carbóin chun an CCF iníoctha a chruthú. 

Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi a ríomhtar é seo in Muirear NOx.

Scóip

Beidh an tobhach NOx inmhuirir i leith gach feithicil Chatagóir A a chláraítear tar éis an 31 Nollaig 2019. I gcás custaiméirí a chláraíonn feithiclí tar éis an dáta seo, beidh orthu fianaise a chur ar fáil i leith astaíochtaí NOx na bhfeithiclí chun an clárúchán a chur i gcrích. 

Má loictear an fhaisnéis seo a chur ar fáil, féadfaidh sé go mbeidh moill nó go ngearrfar bunmhuirear.  Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Muirear NOx. Féadtar an figiúr astaíochtaí a fháil ó roinnt foinsí.  Tá achoimre orthu seo thíos:    

Feithiclí nua

I gas feithiclí nua, déantar leibhéal na n-astaíochtaí NOx a thaifeadadh ar Dheimhniú Comhréireachta na feithicle. Ba chóir an doiciméad seo a fháil ón díoltóir nó ó dhéantóir na bhfeithiclí.  

Teastaíonn Deimhniú Comhréireachta a uaslódáil sula ndéantar scrúdú clárúcháin ar fheithicil. Tá lámhleabhar ar manual on uploading an eCoC ar fáil chun cabhrú le custaiméirí.

Feithiclí athláimhe

Is doiciméad éigeantach é an Deimhniú Clárúcháin Eachtrach (DCE), agus féadfaidh sé go mbeidh figiúr astaíochtaí NOx ann.   

I gcás iompórtálacha ón Ríocht Aontaithe, féadfaidh sé go mbeidh an figiúr NOx ar an DCE má eisíodh roimh Aibreán 2019 é. Go hiondúil léirítear é seo sa bhosca V3 den V5C, deimhniú clárúcháin na Ríochta Aontaithe.

Mura léirítear ar an Deimhniú Clárúcháin Eachtrach (DCE) é, moltar do chustaiméirí Deimhniú Comhréireachta (CoC) a fháil don fheithicil. Féadtar é seo a fháil trí theagmháil a dhéanamh le príomhdhéileálaí nó trí theagmháil dhíreach a dhéanamh leis an déantóir.

Glacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le deimhniú oifigiúil i scríbhinn ón déantóir nó ó údarás reachtúil cuí i leith na n-astaíochtaí NOx. Déanfar iad seo a mheas ar bhonn gach cás as féin, ag brath ar na doiciméid a chuirtear ar fáil.

Féadtar figiúr NOx i leith iompórtálacha ón tSeapáin a fháil ó Aireacht Talún, Infreastruchtúir, Iompair agus Turasóireachta na Seapáine.  

Mura bhféadtar figiúr NOx i leith feithicil a chur ar fáil, beidh muirear bunráta i gceist.  Féadtar tuilleadh eolais a fháil in Muirear NOx.

Ar aghaidh: Muirear NOx