Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF) a ríomh

An luach a mheasúnú

I gcás fheithiclí chatagóir A agus an chuid is mó d’fheithiclí chatagóir B, baintear úsáid as luach na feithicle nuair atá an CCF dlite á ríomh. Tugtar an Praghas Díola ar an Margadh Oscailte (PDMO) ar an luach seo. Tá sé seo beagán éagsúil ó luach sonraisc feithicle.

An t-áireamhán CCF

Féadtar PDMO na bhfeithiclí is coitianta agus meastachán ar an gcáin dlite a fháil ar an Áireamhán CCF. Cé go bhfuil breis agus 25,000 luacháil ar an áireamhán CCF, níl gach feithicil ann.

Is iondúil go dtabharfaidh an t-áireamhán CCF meastachán maith ar an CCF atá dlite má tá feithicil áirithe á clárú ar an lá céanna. Níl anseo ach meastachán, áfach. Ní ríomhann na Coimisinéirí Ioncaim an tsuim chruinn CCF dlite ach amháin nuair a thugtar feithicil i láthair lena clárú.

Leis an tseirbhís áireamháin CCF, féadtar suim na CCF dlite a mheas i leith cairr, feithicil bheag tráchtála nó gluaisrothar. Féadtar an tseirbhís seo a úsáid chomh maith chun meastachán a fháil ar aon aisíocaíocht CCF a fhéadann a bheith dlite nuair atá carr á easpórtáil agat. Tabhair do d’aire nach bhféadtar an t-áireamhán seo a úsáid le haghaidh:

  • múnlaí nár tugadh i láthair roimhe seo le haghaidh luachála
  • múnlaí a dteastaíonn taighde speisialta le hiad a luacháil. Folaíonn siad seo mótarcharbháin, feithiclí clasaiceacha agus feithiclí luachmhara, agus déanaimh áirithe ardghradaim
  • feithiclí móra tráchtála, tarracóirí talmhaíochta, busanna agus feithiclí móra eile, de bhrí mbíonn siad seo faoi réir muirear seasta CCF go ginearálta
  • Cáin Bhreisluacha (CBL) ar mhodh iompair nua. Chun críocha CBL, is modh iompair nua iad an chuid is mó de mhótarfheithiclí sa chás gur feithiclí iad atá níos lú ná 6 mhí d’aois nó a thaisteal níos lú ná 6,000 km.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís seo a úsáid, is gá cód staitistiúil a bheith agat, nó gach ceann den mhéid seo a leanas:

  • aicmiúchán AE.
  • Déanamh na feithicle.
  • Múnla na feithicle.
  • Cineál an tarchurtha.
  • Líon na ndoirse.
  • Cineál an innill.
  • Cineál na cabhlach.
  • Méid an innill.
  • Leagan.
  • Míleáiste.
  • Bliain agus mí an chéad chlárúcháin in aon dlínse.
  • astuithe CO2[1].
  • astuithe NOx.

PDMO a dheimhniú

Mura bhfuil feithicil ar an áireamhán, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a PDMO a dheimhniú, ach ní dhéanfaidh muid é sin go dtí tar éis í a bheith tugtha i láthair lena clárú. Baineann na Coimisinéirí Ioncaim úsáid as táscairí margaidh amhail treoirleabhair trádála na Ríochta Aontaithe agus Éireannacha, fógraí, agus saineolaithe.

Ní thugann foireann na gCoimisinéirí Ioncaim meastacháin ar luach nó cáin dhlite i leith feithiclí nár tugadh i láthair lena gclárú.

Mura bhfuil feithicil ar an liosta, agus má theastaíonn meastachán PDMO roimh í a cheannach, ní mór duit ansin do chuid taighde féin a dhéanamh. Féadtar an Fhoirm meastacháin CCF a úsáid le haghaidh déanaimh nach ndáiltear go coitianta in Éirinn.

Fachtóirí eile a bhfuil tionchar acu ar an PDMO

Chun críocha CCF, féadtar feithiclí a rátáil mar ‘maith’, ‘measartha’ nó ‘go dona’. Go hiondúil, déantar an chuid is mó d’fheithiclí a rátáil mar ‘maith’. Má bhreithnítear feithicil le rátáil ‘measartha’ nó ‘go dona’, féadfaidh sé seo an CCF atá dlite a laghdú.

I gcás míleáiste atá i bhfad níos airde ná ‘gnáis’ a bhfuil glacadh leo, d’fhéadfadh sé seo an CCF atá dlite a laghdú. Is é 2,100km le haghaidh feithiclí díosail agus 1,500km le haghaidh gach feithicil eile an gnáth-mheánmhíleáiste míosúil a nglacann na Coimisinéirí Ioncaim leis.

[1] Más mian leat figiúr eile CO2 a chur ar fáil seachas an ceann a chuir na Coimisinéirí Ioncaim ar fáil.

Ar aghaidh: CCF breise