Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF) a ríomh
Feithiclí leictreacha
Baineann leibhéil éagsúla laghduithe ar Cháin Chláraithe Feithiclí (CCF) le feithiclí leictreacha, lena n-áirítear gluaisrothair. Déantar na feithiclí seo a thiomáint go heisiach ó chadhnraí.
Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim na faoisimh a leagtar amach thíos i bhfeidhm go huathoibríoch ag an bpointe clárúcháin in Ionad de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Tástála nó ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisineiri Ioncaim (ROS). Níl foirmeacha iarratais nó iarratais bhreise ag teastáil chun leas a bhaint astu. Ar an gcaoi chéanna, áiríonn an t-áireamhán CCF an faoiseamh go huathoibríoch agus an cháin mheasta á ríomh, má tá tú ag déanamh taighde ar fheithicil cháilitheach.
Carranna sraith-tháirgthe paisinéirí nó tráchtála (catagóirí A agus B den CCF):
- atá cumhachtaithe go heisiach ag mótar leictreach
- agus
- a cláraíodh roimh an 31 Nollaig 2026
atá incháilithe le haghaidh faoisimh ó CCF suas le suim uasta €5,000.
Tabharfar faoiseamh suas le €5,000 d’fheithiclí a bhfuil Praghas Díola ar an Margadh Oscailte (PDMO) de suas le €40,000 orthu. Gheobhaidh feithiclí a bhfuil PDMO níos mó ná €40,000, ach níos lú ná €50,000, acu leibhéal laghdaithe faoisimh. Baineadh faoisimh d’aon fheithiclí leictreacha os cionn €50,000.
Tá gluaisrothair leictreacha sraith-tháirgthe díolmhaithe ó CCF go dtí an 31 Nollaig 2026.
Ríomhanna samplacha den CCF inmhuirir i leith feithiclí leictreacha:
- Sampla 1
Praghas Díola ar an Margadh Oscailte: €40,000
CCF ríofa ag 7%: €2,800
Lúide faoiseamh (faoi réir uasteorainn €5,000): €2,800
CCF iníoctha: €0
- Sampla 2
Praghas Díola ar an Margadh Oscailte: €30,000
CCF ríofa ag 7%: €2,100
Lúide faoiseamh (faoi réir uasteorainn €5,000): €2,100
CCF iníoctha: €0
Ar aghaidh: Astaíochtaí Ocsaíde Nítrigine
Áireamhán CCF
Is seirbhís é an t-Áireamhán CCF chun an CCF dlite ar do charr a mheasúnú
-
Treoir breise