Cáin Choinneála ar Ús Taisce
Cén chaoi a ndearbhaítear Ús Taisce ?
Ní mór duit aon ús taisce a fuair tú a chur san áireamh i do Thuairisceán Cánach Ioncaim. Is gá duit duit an íocaíocht iomlán úis a iontráil roimh Cháin Choinneála ar Ús Taisce (CCÚT) a asbhaint.
Braitheann an cineál tuairisceáin a chaithfidh tú a chomhlánú ar cibé an bhfuil tú cláraithe le haghaidh féinmheasúnú nó más oibrí Íoc Mar a Thuillir tú (ÍMAT).
Má tá tú féinmheasúnaithe
Ba chóir duit aon CCÚT a chur san áireamh ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) sa rannán 'Ioncam Eile Éireannach'. Bain úsáid as Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun d’Fhoirm 11 a thíolacadh.
Más cáiníocóir ÍMAT thú
Ba chóir duit aon CCÚT a chur san áireamh ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 12). Bain úsáid as moChúrsaí chun d'Fhoirm 12 a thíolacadh ar líne trí 'Seirbhísí ÍMAT'. Ní bhaineann sé seo ach amháin má tá d'ioncam incháinithe neamh-ÍMAT (lena n-áirítear ioncam faoi réir CCÚT) níos lú ná €5,000.
Féadtar ús taisce a dhearbhú ar moChúrsaí trí na treoracha seo a leanúint:
- Sínigh isteach ar moChúrsaí.
- Cliceáil ar ‘Déan athbhreithniú ar do cháin don 4 bhliain roimhe sin’ faoi 'Seirbhísí ÍMAT'.
- Roghnaigh an bhliain chánach gur mian leat Tuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh ina leith agus Ráiteas Dliteanais a fháil.
- Cliceáil ar 'Iarr' chun tús a chur leis an bpróiseas.
- Roghnaigh ‘Comhlánaigh do Thuairisceán Cánach Ioncaim’.
- Ar an rannán 'Ioncam Neamh-ÍMAT', roghnaigh 'Ús Taisce a Fuarthas' faoi 'Ioncam Eile'.
- Cuir isteach na sonraí uile maidir leis an ús taisce a fuarthas.
- Comhlánaigh an próiseas, cuir isteach do phasfhocal agus cuir isteach do Thuairisceán Cánach Ioncaim.
Má tá ioncam incháinithe neamh-ÍMAT de €5,000 nó níos mó agat, ní mór duit clárú le haghaidh féinmheasúnú agus Foirm 11 a thíolacadh don bhliain sin.
Ar aghaidh: Cén ráta CCÚT atá infheidhme?