Cáin Choinneála ar Ús Taisce

An bhféadtar aisíocaíocht DIRT a éileamh?

Ag deireadh na bliana, d'fhéadfá bheith i dteideal aisíocaíocht Cánach Coinneála ar Ús Taisce (CCÚT) a éileamh ó na Coimisinéirí Ioncaim.

D'fhéadfadh sé go bhfuil aisíocaíocht dlite duit toisc:

  • go bhfuil tú anois os cionn 65 bliain d’aois
  • go ndeachaigh d’ioncam thar an teorainn díolúine go sealadach
  • go bhfuil tú anois ar éagumas
  • gurb é seo an chéad bhliain a rinne tú iarratas rathúil do dhíolúine ó CCÚT, ach bhí CCÚT asbhainte ag an institiúid airgeadais cheana féin
  • gur asbhaineadh CCÚT ón ús a tuilleadh ar thaisce do chuid airgid a fuarthas faoin Scéim Íocaíochtaí Institiúidí Máithreacha agus Naíonán (SIIMN)
  • gur asbhaineadh CCÚT ón ús a tuilleadh ar thaisce d'íocaíochtaí ábhartha CervicalCheck.

Más amhlaidh an cás, ba chóir duit Éilimh Fhoirm 54 a chomhlánú agus a sheoladh chuig d’Oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Má ghlactar le d’éileamh, seolfaidh muid an aisíocaíocht chugat.

Ceannaitheoirí Céaduaire

Más ceannaitheoir céaduaire thú, féadfaidh tú aisíocaíocht CCÚT a éileamh faoin dreasacht um Chabhair le Ceannach (CLC).

Ar aghaidh: Sealbhóir cuntais neamhchónaitheach