Cáin Choinneála ar Ús Taisce
Cé atá díolmhaithe ó DIRT?
Féadtar ús a fháil gan Cáin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT) a íoc (cuntas saor ó DIRT) i gcúinsí áirithe. Chun é seo a dhéanamh, ní mór duit foirm dhearbhaithe a chomhlánú ina sonraítear an méid seo a leanas i do leith, nó i leith do chéile nó do pháirtnéara shibhialta:
- 65 bliana d’aois a bheith sroichte nuair atá an dearbhú á thabhairt. Ní mór d’ioncam iomlán don bhliain, an t-ús san áireamh, a bheith faoin teorainn díolúine bhliantúil
- faoi éagumas buan mar gheall ar mhíchumas fisiciúil nó meabhrach
- ag fáil íocaíocht ghinearálta agus íocaíocht a bhaineann leis an obair, más infheidhme, faoin Scéim Íocaíochta Institiúidí Máithreacha agus Naíonán (SIIMN).
- nó
- ag fáil Íocaíocht Ábhartha a bhaineann le CervicalCheck. Féach ar Tax and Duty Manual Part 07-01-23B le haghaidh faisnéise maidir le céard is Íocaíocht Ábhartha CervicalCheck ann.
Más iontaobhaí iontaobhais speisialta thú do dhaoine aonair atá faoi éagumas buan, féadtar iarratas a dhéanamh ar dhíolúine ó DIRT. Ní mór gur tusa sealbhóir an chuntais seo. Ní mór na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta ag an iontaobhas:
- Go bhfuil sé curtha ar bun chun leasa duine amháin nó níos mó atá faoi éagumas buan.
- Gur ó shíntiúis ón mórphobal a thagann maoiniú an iontaobhais.
- Gur leis an duine nó leis na daoine sainithe atá faoi éagumas buan na cistí sa chuntas.
Ní ghearrtar DIRT ar ús ó chuntais:
- daoine aonair
- nach bhfuil cónaitheach in Éirinn
- a bhfuil dearbhú neamhchónaitheach comhlánaithe acu
- nach n-íocann cáin in Éirinn
- agus
- nach bhfuil comhchuntas acu le duine atá cónaitheach in Éirinn.
- cuideachtaí a íocann Cáin Chorparáide
- scéimeanna pinsin ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim
- Soláthraithe Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (tar éis Pan-European Personal Pension Product Declaration a chomhlánú)
- nó
- carthanais.
Foirmeacha le comhlánú
Os cionn 65
Má tá tú os cionn 65 bliain d’aois, comhlánaigh Foirm DE1 agus seol chuig d’institiúid airgeadais é.
Faoi éagumas buan
Má tá tú faoi éagumas buan, comhlánaigh Foirm DE2 agus seol chuig d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim é. Déarfaidh muid le d’institiúid airgeadais go bhfuil tú díolmhaithe ó DIRT a íoc.
Íocaíocht ghinearálta nó íocaíocht infheidhme a bhaineann le hobair
Má tá tú ag fáil íocaíocht ghinearálta nó íocaíocht infheidhme a bhaineann le hobair, faoin SIIMN, comhlánaigh Foirm DE3. Ba chóir duit an Fhoirm DE3 a sheoladh chuig d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Déarfaidh muid le d’institiúid airgeadais go bhfuil tú díolmhaithe ó DIRT a íoc.
Íocaíocht Ábhartha CervicalCheck
Má tá Íocaíocht Ábhartha CervicalCheck á fháil agat, comhlánaigh Foirm DE4. Ba chóir duit an Fhoirm DE4 a sheoladh chuig:
Aonad na gCásanna Íogaire,
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim,
Bosca P.O. 13274,
Leitir Ceanainn,
Co. Dún na nGall.
Cuirfidh Aonad na gCásanna Íogaire in iúl do d'institiúid airgeadais go bhfuil tú díolmhaithe ó DIRT a íoc.
Soláthraí Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach
Más Soláthraí Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach thú, comhlánaigh Dearbhú um tháirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach.
Teastóidh foirm ar leithligh le haghaidh gach cuntas atá agat.
Ar aghaidh: Athruithe ar stádas cuntas saor ó DIRT