Cáin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT)

Athruithe ar stádas cuntas saor ó DIRT

Má thagann athrú ar do chúinsí, féadfaidh sé cur isteach ar do dhíolúine ó DIRT. Áirítear na cúinsí seo a leanas:

  • nuair a sháraíonn d’ioncam iomlán an teorainn díolúine cuí
  • nuair a théann d’ioncam iomlán le chéile thar do chreidmheasanna cánach iomlána le chéile
  • is le duine nua an leas anois agus ní hé do chéile nó do pháirtí sibhialta an t-úinéir nua
  • fuair do chéile nó do pháirtí sibhialta bás agus tá tú faoi bhun 65 bliain d’aois
  • tá tú tar éis colscaradh nó scaoil tú páirtnéireacht shibhialta agus tá tú faoi bhun 65 bliain d’aois
  • fuair do chéile nó do pháirtí sibhialta bás agus níl tú ar éagumas go buan
  • tá tú tar éis colscaradh nó scaoil tú páirtnéireacht shibhialta agus níl tú faoi éagumas go buan
  • scoireann an éarlais de bheith ina sócmhainn de chuid an Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach
  • níl an éarlais i leith airgead a fhaightear faoin Scéim Íocaíochta Institiúidí Máithreacha agus Naíonán a thuilleadh. 

Má athraíonn aon cheann de na cúinsí thuasluaite, tá an freagracht ort aon athruithe:

  • a chur in iúl don institiúid airgeadais má tá tú os cionn 65 bliain d’aois nó i do Sholáthraí Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach
  • agus
  • Na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi aon athruithe más duine aonair faoi éagumas go buan thú nó má tá airgead na Scéime Íocaíochta d'Institiúidí Máithreacha agus Naíonán á fháil agat.

Ar aghaidh: An bhféadtar aisíocaíocht DIRT a éileamh?