Ragobair, bónais agus dhá phost

Ragobair agus bónais

Má thuileann tú pá ragoibre nó bónais, cuirtear san áireamh iad mar chuid de do phá don tseachtain nó don mhí sin. Féadfar foghlaim faoin gcaoi a ngearrtar cáin ar na híocaíochtaí seo sa rannán ar ragobair agus bónais.

Dhá phost nó níos mó

Má ghlacann tú leis an dara post, ní mór duit é a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim ionas gur féidir linn Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) a sheoladh chuig d’fhostóir nua.

Féadfar foghlaim faoi céard le déanamh má thosaítear post nua sa rannán Poist agus pinsin.

Tá obair saoire incháinithe ar an tslí chéanna le haon fhostaíocht eile.