Ragobair agus bónais

An chaoi a ngearrtar cáin ar ragobair agus ar bhónais

Má thuilleann tú pá ragoibre nó pá bónais, cuirtear san áireamh iad mar chuid de do phá. Tá méid iomlán an phá inmhuirir i leith Cáin Ioncaim, Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasa (ÁSPC). Gearrtar cáin ar do phá mar seo a leanas:

  • Gearrtar cáin ar do phá ag an ráta caighdeánach cánach suas le teorainn do bhanda ráta
  • Is ag an ardráta cánach a ghearrtar cáin ar aon phá os cionn theorainn do bhanda ráta
  • Cuir an dá shuim thuas le chéile
  • Laghdaítear ansin an tsuim seo faoi do chreidmheasanna cánach chun an tsuim cánach dlite a fháil.