An chaoi a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim d'éileamh a phróiseáil

Íocaíochtaí ag na Coimisinéirí Ioncaim a ríomh

Tá teorainn €5 milliún ar an tsuim bhliantúil atá ar fáil faoin scéim.

Braitheann an tsuim a íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le gach carthanas ar an méid seo:

  • an tsuim a éilítear
  • an tsuim bhliantúil atá ar fáil le haghaidh na scéime
  • agus
  • éileamh iomlán ó na hiarrthóirí uile.

Nuair a bheidh an próiseas athbhreithnithe curtha i gcrích, ríomhfaidh an córas na suimeanna atá le haisíoc.

Tá roinnt fachtóirí ann a bhfuil tionchar acu ar an tsuim a fhéadtar a íoc le gach iarratasóir. Ní ríomhfar an íocaíocht amach ach uair amháin. 

Ní fhéadtar na íocaíochtaí amach a athríomh, ná ní fhéadtar glacadh le hiarratais dhéanacha mar gheall go n-imreodh sé seo tionchar ar oibriú na scéime.

Ar aghaidh: Athbhreithniú ar éilimh