An chaoi a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim d'éileamh a phróiseáil

Athbhreithniú ar éilimh

Beidh éilimh faoi réir athbhreithniú ag na Coimisinéirí Ioncaim agus i ndáil leis seo, ba chóir duit a chinntiú:

  • go gcoimeádann tú na doiciméid tacaíochta chuí uile agus go gcuireann tú ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim nuair a iarrtar iad, i gcomhréir leis an spriocdháta atá leagtha amach ag na Coimisinéirí Ioncaim
  • go gcomhlíonann tú na dualgais uile i leith:
    • An tAcht Comhdhlúite CBL, 2010
    • An tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997
    • An tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999
    • agus
    • reachtaíocht thánaisteach a rinneadh faoi na hAchtanna seo.

 Ba chóir duit an méid seo a thabhairt do d’aire:

  • Sa chás nach bhfuil doiciméid athbreithnithe tíolactha nó mura bhfuil siad in ord, ní fhéadtar éileamh a phróiseáil a thuilleadh.
  • Féadfaidh sé go ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim éileamh a dhiúltú.
  • Féadfaidh sé go ndéanfaidh na Coimisinéirí aon athrú d’aon éileamh má mheasann siad go bhfuil gá leo. Cuirfear éilitheoirí ar aon eolas má tharlaíonn sé seo agus míneofar na cúiseanna le haghaidh aon athrú.

Nuair atá na Coimisinéirí Ioncaim sásta go bhfuil gach rud in ord, féadtar an t-éileamh a phróiseáil.

Ar aghaidh: Cén uair agus cén chaoi a ndéanfar íocaíocht?