Ráitis airgeadais a thíolacadh i bhformáid iXBRL
    Conas tíolacadh a dhéanamh agus céard atá le cur san áireamh
Ní mór ráitis airgeadais a thíolacadh i bhformáid Teanga Tuairiscthe Gnó Inbhreisithe Inlíne (iXBRL) trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Féadtar eolas mionsonraithe a fháil i gCuid 4 den treoirleabhar Submission of iXBRL financial statements with Corporation Tax returns manual. Ní mór go gcuirfí an méid seo a leanas san áireamh i ráitis airgeadais i bhformáid iXBRL:
- tuairisc stiúrthóra
 
- tuairisc iniúchóra
 
- ráiteas ar bhrabús nó caillteanas agus ioncam cuimsitheach eile
 
- ráiteas ar staid an airgeadais (clár comhardaithe)
 
- ráiteas ar shreafaí airgid
 
- ráiteas ar athruithe i ngnáthscaireanna
 
- nótaí ar na cuntais
 
- agus
 
- cuntas mionsonraithe brabúis agus caillteanais.
 
        
Ní liosta cuimsitheach é seo. Ní mór gach mír sna ráitis airgeadais a chlibeáil go hiomlán. Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil ar chlibeáil sa rannán 'Eolas teicniúil'.
Ós rud é gcomhlánaíonn tíolaiceoirí iXBRL na ‘Sleachta ó Chuntais’ CT1, ní mór dóibh míreanna éigeantacha a chlibeáil ina dtíolacthaí iXBRL. Tá na míreanna éigeantacha seo léirithe sa tábla thíos.
Clibeanna míreanna éigeantacha
| Mír éigeantach CT1 | Mír éigeantach iXBRL | Tacsanomaíocht | 
| Díolacháin / Fáltais / Láimhdeachas | 
DPLTurnoverRevenue | 
DPL | 
| Fáltais ó Ghníomhaireachtaí Rialtais | 
DPLGovernmentGrantIncome | 
DPL | 
| Ioncam Eile | 
DPLOtherOperatingIncome | 
DPL | 
| Brabús Comhlán Trádála | 
DPLGrossProfitLoss | 
DPL | 
| Tuarastal / Pá, Costais Foirne | 
DPLStaffCostsEmployeeBenefitsExpense | 
DPL | 
| Fochonraitheoirí | 
DPLSubcontractorCosts | 
DPL | 
| Brabús (caillteanas) ar ghnáthghníomhaíochtaí roimh cháin | 
DPLProfitLossBeforeTax | 
DPL | 
| Cistí Scairshealbhóirí | 
Gnáthscaireanna | 
FRS/IFRS | 
Mura bhfuil aon luachanna ag eintiteas le haghaidh aon cheann de na míreanna seo, ní mór mír líne le luach nialasach a léiriú sa DPL. Féach ar Chuid 3.1.3 den treoirleabhar cánach Submission of iXBRL financial statements with Corporation Tax returns manual le haghaidh tuilleadh eolais.
      
  		Ar aghaidh: Cuntas Mionsonraithe Brabúis agus Caillteanais (DPL)