Ráitis airgeadais a thíolacadh i bhformáid iXBRL

Léargas ginearálta

Comhchaighdeán idirnáisiúnta é XBRL, nó Teanga Tuairiscithe Gnó Inbhreisithe, chun faisnéis ghnó a roinnt go leictreonach. Cuirtear lipéad leis an bhfaisnéis i ráitis airgeadais a aithníonn í i dtéarmaí choincheapa caighdeánacha cuntasaíochta nó cánach.

Cuirtear an XBRL i láthair mar shraith clibeanna agus uimhreacha. Leis an Teanga Tuairiscithe Gnó Inbhreisithe Inlíne (iXBRL), ligtear cáipéisí XBRL a chur i láthair i bhformáid atá inléite ag ríomhairí agus ag daoine araon.

Is trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a thíolactar ráitis airgeadais iXBRL mar chuid den tuairisceán cánach CT1. Níl air cuideachtaí 'Sleachta ó Chuntais' ar an CT1 a chomhlánú agus iad ag tíolacadh ráitis airgeadais iXBRL. 

Tá roinnt míreanna éigeantacha ag teastáil sa chomhad iXBRL, áfach, le cinntiú nach gcailltear aon sonraí. Tá tuilleadh eolais ar fáil air seo ar an leathanach ‘An chaoi le tíolacadh a dhéanamh agus an méid atá le cur san áireamh ann’.

Féach an treoirleabhar Submission of iXBRL Financial Statements with Corporation Tax Returns manual le haghaidh mioneolais ar iXBRL.

Má theastaíonn aon eolas breise uait, féadtar ríomhphost a sheoladh chuig ixbrl@revenue.ie.

Tuilleadh eolais

Má tá fiosrú agat a bhaineann le custaiméir sonrach, bain úsáid as M’Fhiosruithe agus roghnaigh 'Cáin Chorparáide' agus 'iXBRL' ón roghchlár anuas.

Má tá cúnamh uait comhaid iXBRL a uaslódáil nó inrochtaineacht ar sheirbhísí ROS, seol ríomhphoist chuig ROSOnLineHelp@revenue.ie.

Má tharlaíonn ceist nach bhaineann le gnáthcheist iXBRL, déan teagmháil le Deasc Chabhrach iXBRL ag iXBRL@revenue.ie.

Ar aghaidh: Cé nach mór ráitis airgeadais a thíolacadh i bhformáid iXBRL?