Ráitis airgeadais a thíolacadh i bhformáid iXBRL

Eolas teicniúil

Tacsanomaíochtaí

Is éard is tacsanomaíocht ann ná foclóir a cheanglaíonn gach clib leis an gcoincheap cuntasaíochta nó cánach trína n-aithnítear é. Freagraíonn an tacsanomaíocht iXBRL le caighdeáin chuntasaíochta amhail FRS 101, FRS 102 agus an IFRS. Féach an treoir Submission of iXBRL Questions and Answers Guide financial statements with Corporation Tax returns manual le haghaidh liosta dóibh siúd a bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim ag glacadh leo faoi láthair. 

Bailíochtú agus tástáil

Déanann na Coimisinéirí Ioncaim bailíochtú ar ráitis airgeadais iXBRL de réir mar a uaslódáiltear iad. Má theipeann ar an mbailíochtú ar do thíolacadh, seolfaidh muid fógra chuig do bhosca isteach ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) agus na hearráidí sonraithe ann. Molann muid úsáid a bhaint as an áis tástála iXBRL le cinntiú go n-oibríonn na comhaid iXBRL sula ndéanann tú iad a thíolacadh.

Nótaí teicniúla

Féach an treoir Electronic Filing of Financial Statements (iXBRL) - Error Messages Guide le haghaidh tuilleadh eolais ar fhógraí earráide a fhaightear agus réitigh mholta.

Féach an nóta teicniúil Electronic Filing of Financial Statements (iXBRL) - Technical Note chun eolas teicniúil ginearálta a fháil, lena n-áirítear:

  • tacsanomaíochtaí agus scéimeanna um aithint eintitis a nglacann na Coimisinéirí Ioncaim leo
  • agus
  • tá rialacha i leith bailíochtú i bhfeidhm.

Tá achoimre ar na rialacha sa treoir stíle Electronic Filing of Financial Statements (iXBRL) - Style Guide. Tugann sé treoracha chomh maith d’fhorbróirí bogearraí agus dóibh siúd a úsáideann uirlisí tiontaithe iXBRL.

Féadtar sonraí a fháil ar an Tástáil Comhéadain Poiblí ROS (PIT) in  Electronic Filing of Financial Statements (iXBRL) - Public Interface Test (PIT).