Ráitis airgeadais a thíolacadh i bhformáid iXBRL

Cé nach mór ráitis airgeadais a thíolacadh i bhformáid iXBRL?

Ní mór do chuideachtaí faoi Rannóg na gCorparáidí Móra ráitis airgeadais iXBRL a thíolacadh do thréimhsí cuntasaíochta a chríochnaíonn ar 31 Nollaig 2012 nó dá éis.

Ní mór d’Fheithiclí Sainchuspóireacha faoi Alt 110 ráitis airgeadais iXBRL a thíolacadh do thréimhsí cuntasaíochta a chríochnaíonn ar 31 Iúil 2013 nó dá éis.

Ní mór do gach tíolaiceoir Cánach Corparáide ráitis airgeadais iXBRL a thíolacadh do thréimhsí cuntasaíochta a chríochnaíonn ar 31 Nollaig 2013, nó dá éis, seachas sa chás:

  • gur lú a sócmhainní iomlána, gan dliteanais a asbhaint, ná €4.4 milliún
  • gur lú a láimhdeachas ná €8.8 milliún
  • agus
  • go bhfuil 50 fostaithe nó níos lú mar mheánlíon fostaithe.

Tá eolas sa treoir Submission of iXBRL Financial Statements with Corporation Tax Returns manual maidir le cúinsí eile ina bhféadfaidh sé nach gá do chuideachta ráitis airgeadais iXBRL a thíolacadh.

Féadfaidh cuideachtaí agus trádálaithe aonair nach bhfuil aon dualgas orthu ráitis airgeadais iXBRL a thíolacadh é seo a dhéanamh go saorálach.

Ar aghaidh: Cén chaoi le tíolacadh a dhéanamh agus céard atá le cur san áireamh ann