Eis-Cheadúnais Miondíola Táirgeora

Deimhniú Cúirte

Ní mór teastas a bheith faighte agat ón gCúirt Dúiche sula bhféadann na Coimisinéirí Ioncaim Eischeadúnas Miondíola Déantóra a eisiúint. Ní gá d’iarratasóirí deimhniú cúirte a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim ag céim na hathnuachana, ach amháin:

  • má rinneadh agóid i gcoinne athnuachan an cheadúnais
  • má tá an ceadúnas dulta i léig ar feadh bliain iomlán ceadúnúcháin
  • má aistríodh an ceadúnas chuig trádálaí eile le linn na bliana ceadúnúcháin
  • má athraíodh limistéar ceadúnaithe mapáilte an áitribh cheadúnaithe.

Ní mór gach Deimhniú Cúirte a bheith faighte ag na Coimisinéirí Ioncaim taobh istigh de 12 mhí ón dáta eisiúna.