Ar-Cheadúnas Miondíola Déantóra

Léargas ginearálta

Tabhair do d’aire

Ní chuirfear síneadh le hathnuachaintí Dleachta Máil ar ar-cheadúnais deochanna meisciúla a tharscaoileadh in 2022.

Tugadh isteach Ar-Cheadúnas Miondíola Táirgeora chun ligean do dhéantóirí an t-alcól a tháirgtear ar a n-áitreabh a dhíol le cuairteoirí. Clúdóidh an ceadúnas seo díolacháin do chuairteoirí lena ól ar an áitreabh nó ar shiúl ón áitreabh.

Féadann cuairteoirí a bhfuil turas treoraithe críochnaithe acu leas a bhaint as ar-dhíolacháin agus eis-díolacháin idir 10:00 agus 19:00 gach lá. Ní cheadaítear díolacháin ar Lá Nollag.

Féadann cuairteoirí nach bhfuil turas treoraithe críochnaithe acu leas a bhaint as díolacháin eischeadúnais:

  • idir 10:00 agus 19:00 Luan go Satharn
  • agus
  • idir 12:30 agus 19:00 ar an Domhnach agus ar Lá Fhéile Pádraig amháin.

Ní cheadaítear díolacháin ar Lá Nollag.

Ní mór do dhéantóirí Ceadúnas bailí Déantóra ó na Coimisinéirí Ioncaim a bheith acu chun cur isteach ar Ar-Cheadúnas Miondíola Táirgeora. Is iad seo a leanas na catagóirí cuí Ceadúnais Déantóra:

  • Ceadúnas Déantóra – Grúdaire
  • Ceadúnas Déantóra – Déantóir Leanna Úll
  • Ceadúnas Déantóra - Cumascóir Biotáille
  • Ceadúnas Déantóra – Driogaire Biotáille
  • Ceadúnas Déantóra – Ceartaitheoir Biotáille
  • Ceadúnas Déantóra – Déantóir Deochanna Meisciúla Milsithe

Seachas an Ceadúnas cuí Déantóra, ní mór aon Cheadúnas Máil atá ceangailte leis an áitreabh a chealú le go n-eiseofaí Ar-Cheadúnas Miondíola Táirgeora.

Is ó 1 Deireadh Fómhair go 30 Meán Fómhair atá an tréimhse cheadúnúcháin.

Tabhair do d’aire

Rachaidh an ceadúnas seo in éag ar 30 Meán Fómhair gach bliain, is cuma an dáta eisiúna.

Is é costas máil an cheadúnais seo ná €500 sa bhliain. 

Ar aghaidh: An Chéad Iarratas ar Ar-Cheadúnas Miondíola Táirgeora (ar-dhíolacháin agus eis-díolacháin)