Eis-Cheadúnais Miondíola Táirgeora

Léargas ginearálta

Tugadh isteach Eis-Cheadúnas Miondíola Táirgeora chun ligean do dhéantóirí an t-alcól a tháirgtear ar a n-áitreabh a dhíol le cuairteoirí ar an áitreabh. 

Féadann cuairteoirí a bhfuil turas treoraithe críochnaithe acu leas a bhaint as díolacháin eischeadúnais idir 10:00 agus 19:00 gach lá. Ní cheadaítear díolacháin ar Lá Nollag.

Féadann cuairteoirí nach bhfuil turas treoraithe críochnaithe acu leas a bhaint as díolacháin eischeadúnais:

  • idir 10:00 agus 19:00 Luan go Satharn
  • idir 12:30pm agus 19:00 ar an Domhnach agus ar Lá Fhéile Pádraig.

Ní cheadaítear díolacháin ar Lá Nollag.

Ní cheadaítear, faoin gceadúnas seo, alcól a dhíol lena ól ar an áitreabh ag tráth ar bith.

Ní mór do dhéantóirí Ceadúnas bailí Déantóra na gCoimisinéirí Ioncaim a bheith acu chun cur isteach ar Eischeadúnas Miondíola Táirgeora. Is iad seo a leanas na catagóirí cuí Ceadúnais Déantóra:

  • Ceadúnas Déantóra – Grúdaire
  • Ceadúnas Déantóra – Déantóir Leanna Úll
  • Ceadúnas Déantóra - Cumascóir Biotáille
  • Ceadúnas Déantóra – Driogaire Biotáille
  • Ceadúnas Déantóra – Ceartaitheoir Biotáille
  • Ceadúnas Déantóra – Déantóir Deochanna Meisciúla Milsithe.

Seachas an Ceadúnas cuí Déantóra, ní mór aon Cheadúnas Máil atá ceangailte leis an áitreabh a chealú le go n-eiseofaí Eischeadúnas Miondíola Táirgeora.

Is ó 1 Deireadh Fómhair go 30 Meán Fómhair atá an tréimhse cheadúnúcháin.

Tabhair do d’aire

Rachaidh an ceadúnas seo in éag ar 30 Meán Fómhair gach bliain, is cuma an dáta eisiúna.

Is é costas máil an cheadúnais seo ná €500 sa bhliain.

Ar aghaidh: An Chéad Iarratas ar Eis-Cheadúnas Miondíola Táirgeora