Ar-Cheadúnas Miondíola Déantóra

  1. Léargas ginearálta
  2. An Chéad Iarratas ar Ar-Cheadúnas Miondíola Táirgeora (ar-dhíolacháin agus eis-díolacháin)
  3. Ar-Cheadúnas Miondíola Táirgeora a Athnuachan
  4. Deimhniú Cúirte

An Chéad Iarratas ar Ar-Cheadúnas Miondíola Táirgeora (ar-dhíolacháin agus eis-díolacháin)

Tabhair do d’aire

Ní chuirfear síneadh le hathnuachaintí Dleachta Máil ar ar-cheadúnais deochanna meisciúla a tharscaoileadh in 2022.

Cuir do Dheimhniú Cúirte faoi bhráid na hOifige Náisiúnta Ceadúnais Máil chomh maith leis an bhFoirm Iarratais chomhlánaithe.

Ní mór an t-iarratas a bheith sínithe ag na daoine seo:

  • ag an gceadúnaí, más trádálaí aonair atá ann
  • ag duine de na comhpháirtithe, más comhpháirtíocht atá ann
  • ag rúnaí na cuideachta nó ag stiúrthóir de chuid na cuideachta, más cuideachta chorpraithe atá ann.

Nuair atá d’iarratas próiseáilte ag na Coimisinéirí Ioncaim, eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim Fógra um Iarratas Chéad Uaire chugat. Iarrtar ort san fhógra seo d’iarratas a chomhlánú agus do cheadúnas a íoc.

Tá sé riachtanach imréiteach cánach a bheith ag gach ceadúnaí agus i gcásanna áirithe:

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seiceáil uathoibríoch ar do stádas imréitigh cánach roimh do cheadúnas a eisiúint.

Ar aghaidh: Ar-Cheadúnas Miondíola Táirgeora a Athnuachan