Ar-Cheadúnas Miondíola Déantóra

Deimhniú Cúirte

Tabhair do d’aire

Ní chuirfear síneadh le hathnuachaintí Dleachta Máil ar ar-cheadúnais deochanna meisciúla a tharscaoileadh in 2022.

Ní mór deimhniú a bheith faighte agat ón gCúirt Chuarda sula bhféadann na Coimisinéirí Ioncaim Ar-Cheadúnas Miondíola Déantóra a eisiúint. Ní gá d’iarratasóirí Deimhniú Cúirte a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim ag céim na hathnuachana, ach amháin:

  • má rinneadh agóid i gcoinne athnuachan an cheadúnais
  • má tá an ceadúnas dulta i léig ar feadh bliain iomlán ceadúnúcháin
  • má aistríodh an ceadúnas chuig trádálaí eile le linn na bliana ceadúnúcháin
  • má athraíodh limistéar ceadúnaithe mapáilte an áitribh cheadúnaithe.

Ní mór gach Deimhniú Cúirte a bheith faighte ag na Coimisinéirí Ioncaim taobh istigh de 12 mhí ón dáta eisiúna.