Ar-Cheadúnas Miondíoltóra Fíona

  1. Léargas ginearálta
  2. An chéad iarratas ar Ar-Cheadúnas Miondíoltóra Fíona
  3. Ar-Cheadúnas Miondíoltóra Fíona a athnuachan

An chéad iarratas ar Ar-Cheadúnas Miondíoltóra Fíona

Cuir d’Fhoirm Iarratais chomhlánaithe agus an Fhoirm Éilithe chomhlánaithe chuig an Oifig Naisiúnta Ceadúnais Máil.

Ní mór an t-iarratas a bheith sínithe ag na daoine seo:

  • ag an gceadúnaí, más trádálaí aonair atá ann
  • ag duine de na comhpháirtithe, más comhpháirtíocht atá ann
  • ag rúnaí na cuideachta nó ag stiúrthóir de chuid na cuideachta, i gcás cuideachta chorpraithe.

Nuair a fhaightear d’iarratas, ní mór dúinn An Garda Síochána agus Cleireach na Cúirte Dúiche ina bhfuil do d’áitreabh lonnaithe a chur ar an eolas. Más rud é, tar éis 30 lá, nach ndéantar agóid in aghaidh an ceadúnas a eisiúint, eiseoidh muid Fógra um Iarratas Chéad Uaire chugat. Tugann an fógra seo cuireadh duit d’iarratas a chomhlánú agus do cheadúnas a íoc.

Tá sé riachtanach imréiteach cánach a bheith ag gach ceadúnaí agus i gcásanna áirithe:

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seiceáil uathoibríoch ar do stádas imréitigh cánach roimh do cheadúnas a eisiúint.

Ar aghaidh: Ar-Cheadúnas Miondíoltóra Fíona a athnuachan